click below
click below
Normal Size Small Size show me how
GNÓ BL.1 Caibidil 9
Airgead a Choigilt agus a Infheistiú
Term | Definition |
---|---|
Coigilteas | An cuid sin den ioncam a roghnaímid gan a chaitheamh. (i.e Caiteachas a chur ar athló tré airgead a chur i leataobh.) |
Infheistiú | Airgead a chur i leataobh chun fáltas níos fearr a fháil air amach anseo (i.e chun luach-saothar éigin a fháil ar do chuid airgead). |
Leachtacht | Chiallaíonn sé seo cé chomh tapaidh is atáimid in ann ár gcuid airgid a fháil ar ais nuair a bhíonn sé ag teastáil. Má tá sé seo ard, bíonn an ráta úis íseal. |
Samplaí de chineál Infheistíocht | Maoin foirgníochta (msh: tithíocht), saothar ealaíne nó scaireanna comhlachta a cheannach. |
Riosca | An bhfui d'airgead sábháilte nuair atá sé i dtaisce? Bíonn leibhéal níos mó de seo i gceist de gnáth nuair a bhíonn an ús/fáltas níos mó le fáil. |
Ús | Luach Saothair as airgead a chur i dtaisce. |
Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT) | Cáin a ghearrtar ar ús a thuilltear ar choigilteas. |
Príomhshuim | An téarma airgeadais a thugtar ar an airgead a infheistímid nó a choiglímid. |
Téarmaí agus Coinníollacha | Mionscríbhinn ar aon chonradh chun cuntas a oscailt a dhéanann cur síos ar na táillí agus na costais bhaincéireachta. |
Díbhinn | Íocaíocht a íoctar le baill chomhair chreidmheasa nó scairshealbhóirí de bhun mhéid an airgid a bhíonn i dtaisce acu. |
Cumann Foirgníochta | Institiúid airgeadais a íocann ús ar choigiltis agus a thugann airgead ar iasacht chun teach a cheannach nó a athchóiriú. |
A.E.R - Ráta Coibhéiseach Bliantúil - Annual Equivalent Rate | An ráta cruinn bliantúil ús atá i gceist le seo. |
Ús simplí | An t-ús a thuilltear ar an bpríomhshuim a infheistíodh agus ar sin amháin |
Ús iolraithe | Cuirtear an t-ús leis an gcoigilteas agus ríomhtar an t-ús ar an dá cheann le chéile ina dhiaidh sin; bliain ar bhliain. |
Institiúidí Airgeadais go féidir Coigiltis a dhéanamh leo in Éirinn | Na Bainc Trachtála (msh: AIB, BOI, TSB), Comhar Chreidmheasa, An Post, Cumainn Foirgníochta. |
Cuntais Taisce Phrapéilimh | Cuntas taisce go bhfuil cead ag daoine an t-airgead a aistharraingt (ar éileamh - on demand) nuair is mian leo. |
Cuntais Taisce Téarma | Cuntas taisce go bhfuil ar dhaoine an t-airgead a fhágáil sa chuntas ar feadh tréimhse ar leith (msh : 7 lá nó 5 bhliain fiú) ar ráta úis níos airde. |
Cuntais Taisce Fógra | Cuntas taisce ina bhfuil ar dhuine fógra a thabhairt don bhanc roimh ré má theastaíonn uathu an t-airgead a aistharraingt. |
Foirme a bhaineann le hÚs Simplí a ríomh | Bunairgead x Ráta x Am |